In 1953, aimsíodh an héilics dúbáilte de DNA(Lógó CCB) mar an struchtúr a scaipeann ár n-oidhreacht ghéiniteach. Áfach, ní leor an tsraith shimplí den héilics DNA mar threoirphlean chun imeachtaí an chillín a shocrú. Gné thábhachtach eile ná an phacaistíocht den DNA a bhfuil ról ríthábhachtach aici i dtacú beatha. Glaoitear crómaitin ar an bpacaistíocht sin atá eagraithe i struchtúir níos uaisle darbh ainm crómasóim. Déanann an eagar sin éascaíocht dár gcealla géinte a rialú agus smacht a chur ar mhacashamlú an ghéanóim.

Déanaimid taighde san Ionad don Bhitheolaíocht Chrómasóim lena mhaithe le tuiscint níos fearr a fháil ar chomhdhéanamh na crómaitine agus a rialú chun léiriú géine agus macasamhlú an ghéanóim ceart a chinntiú. Tá suim againn sa tslí inar éabhlóidigh DNA trí shócháin (Grúpa Gahan) agus an tslí ina bhféidir leo éirí as cor (Grúpa LahueDéanaimid iarracht tuiscint níos fearr a fháil ar shlí ina bpacastaítear DNA i núicléasóim (Grúpa Flaus) le hiostóin in-mhodhnaithe (Grúpa Rea) a rialaíonn an pacastaíocht den chrómaitin agus de na crómasóim. Scrúdaímid conas a dhéantar macasamhlú ar na crómasóim (Grúpa Santocanale, Grúpa Nasheuer), conas a scartar iad ag ceintrimírí (Grúpa Dunleavy, Grúpa Sullivan) agus conas a dheighltear iad de bharr ceintreasóm (Grúpa Morrison, Grúpa Bourke) go mac-chealla a dheigleann trí chíticinéis (Grúpa Luessing). Le "botúin" i macasamhlú crómasóim, is féidir le míshochracht cromasóim a tharlú (Grúpa Mirkovic) le torrthaí buntáisteacha nó míbhuntáisteacha dá bharr.

Is í príomhaidhm DNA ná prótéiní a tháirgeadh trí measíní dairbh ainm ribeasóim atá curtha le chéile ag núiclíní (Grúpa McStay). Socraítear na prótéiní gur féidir le haon chill a tháirgeadh de bharr na limistéar den chrómaitin atá oscailte nó dúnta (Grúpa Farrona), rud atá speisialaithe i gcealla éagsúla (Grúpa Frank). Samplaí de sin ná hinslin, atá cruthaithe sa phaincréas; ceiritin inár ngruaig; agus meilinin inár gcraiceann. Cosnaíonn meilinin an crómaitin inár gcealla craicinn ar bhriseadh déribe DNA (Grúpa Lowndes, Grúpa Dodson) ó radaíocht UV. Cé go bhfuil freagairt ag ár gcealla ar dhamáiste DNA (Grúpa Carty), is féidir leis botúin a dhéanamh agus is féidir le galair amhail ailse tarlú dá bharr. Mar sin, is féidir fiúntas tábhachtach a bheith lenár dtaighde don sláinte agus don leigheas chomh maith linn ag cur ár dtuiscint bhunúsach ar bhitheolaíocht crómasóim chun cinn.