Ár Scéal
Bunchuspóir
Aghaidh a thabhairt ar bhearnaí suntasacha inár dtuiscint ar struchtúr, fheidhm, mhacasamhlú, rialú, agus ghluaiseacht na gcrómasóm, ar mhaithe le cóireáil galair crómasóim amhail ailse.
Lógó
Is dearadh teibí den héilics dhúbáilte DNA, atá mar bhunstruchtúr na gcrómasóm, é lógó an ionaid le dhá casadh de ribe amháin agus an fad 3.4 nm eatarthu léirithe. Ciallaíonn an lógó seo ní hamháin go bhfuil ár n-eolaíocht dírithe ar ár DNA ach chomh maith, go thagann ár n-eolaíocht díreach as ár DNA. Is féidir leat an lógó a ioslódáil anseo.
Stair
Bunaíodh Ollscoil na Gaillimhe in 1845, an bhliain chéanna ina bunaíodh an t-irisleabhar Scientific American. Ó shin i leith, tá a lán daoine cáiliúla múinte agus fostaithe ag an ollscoil, agus eolaithe suntasacha ina leithéid amhail Joseph Larmor (1880), an fear a cheap leictreoin, William King (1849) a d’aithin agus a d’ainmnigh na Néandartálaigh, agus Thomas Dillon (1919) a rinne taighde tábhachtach ar cheimic orgánach na gcarbaihiodráití.
D'fhorbairt an t-ionad as an ngrúpa don sheasmhacht géanómaíoch a bunaigh triúr taighdeoirí le suim sa dhámáiste DNA in 2001. Go tapa, leathnaigh an méid foirne agus an réimse taighde a bhí ag an ngrúpa go dtí go raibh aon ghrúpa taighde déag ina measc ag fiosrú ábhair cromasóim ceangailte amhail deisiú DNA, macashamlú DNA, scaradh na gcrómasóm, agus rialú an tras-scríofa. In 2008, tugadh stádas ionad taighde oifigiúil ar an ngrúpá agus tháinig an t-ionad chun cinn mar mheitheal mór le raon taighde níos leithne le núicléasóim, ceintrimírí, agus an eipgéineolaíocht mar ábhair spéise nua don ionad.
In 2014, d'oscail an iarthaoiseach Enda Kenny Foirgneamh na n-Eolaíochta Bitheacha (féach ar Áiseanna. Bhog an tIonad go dtí na saotharlanna ar bhunurlár an fhoirgnimh atá suite ar an gcampas thuaidh den Ollscoil (féach ar Eolas). In 2025, chuaigh an tIonad leis an Institiúid don Fhionnachtain agus Nuálaíocht Sláinte a chuidíonn comhshaothar idir eolaí, innealtóirí, agus saineolaí cliniciúla chun taighde bunúsach, aistritheach, agus cliniciúil sna heolaíochtaí sláinte a chur chun cinn.

Bail Emeritus
- Prof Bob Lahue (Seasmhacht Géanómaíoch)
- Prof Heinz-Peter Nasheuer (Macasamhlú)
- Prof Kevin Sullivan (Ceintrimírí)
- Dr Stephen Rea (Hiostóin)
Cáil
An Ionaid
Táimid chun cinn bitheolaíocht chromasóim le go leor foilseacháin bliantúil ar thaighde ceannródaíoch in irisleahair éagsúla le mórthionchar acu. Tá innéacs h meánach de mhéid 32 agus airmheánach de mhéid 34 ag cinnire na ngrúpaí, agus léiríonn sin aicme ard sheasmhach i measc na ngrúpaí go léir. Le chéile, tá innéacs i10 thar 500 ag an ionad, gaisce a léiríonn ina theannta sin an ardmhéid agus an ardcaighdeán foilseacháin atá ag an ionad.
Ó bhunaíodh sé, cuimsítear leis an ionad le céadta taighdeoir amhail cúntóirí taighde, iarchéime máistreachta, iarchéime dochtúireachta, agus taighdeoirí iardhochtúireachta. Tá bród orainn as an rath atá ag go leor iarbhaill an ionaid cé acu atá sa saol acadúil nó in earnáil na tionsclaíochta.
- Dr James Gahan (Grúpa Frank), Príomhthaighdeoir ag an ionad.
- Dr Muriel Grennon (Grúpa Lowndes), Léachtóir ag OnaG & Bunstiúrthóir Cell Explorers.
- Dr Caitríona Collins (Grúpa Dunleavy), Léachtóir ag TUS
- Dr Christine Colleran (Grúpa McStay), Stiúrthóir Déantúsaíochta ag Regeneron.
- Níamh Ní Chuile, MSc, (Grúpa Santocanale), Eagarthóir Eolaíochta ag Frontiers, Ireland.
Na hOllscoile
Tá an t-ionad mar chuid de Scoil na Bitheolaíochta agus na Ceimice, roinn de Choláiste na hEolaíochta agus na hInnealtóireachta in Ollscoil na Gaillimhe. Tá tionchar sonrach ag an Ollscoil ar oideachas,taighde, agus nuálaíocht a leannan ó bunaíodh í in 1845. Le maoiniú taighde bliantiúil os cionn €65M, infheistíocht chaipitiúil de bharr €400M, níos mó ná 3000 chomhpháirtí domhanda, agus leabharlann eolais leathan, ní haon ionadh é go bhfuil Ollscoil na Gaillimhe rangaithe ina measc an 2% den ollscoil is fearr ar domhan.
