Is comhthionól taighdeoirí ag comhoibriú ar ábhair atá dlúthcheangailte le bitheolaíocht na ngéanóm é an tIonad don Bhitheolaíocht Chrómasóim (féach ar Ár Scéal).

Cuimsítear leis an ionad 13 ghrúpa idir croíghrupaí agus grúpaí comhlacha le breis agus 50 taighdeoir agus foireann chúnta, atá lonnaithe in Áras na nEolaíochtaí Bithleighis (tuilleadh eolais).

Tá suim againn sna meichníochtaí móilíneacha atá mar bhunús le struchtúr agus feidhm na gcrómasóm ar leibhéil móilíneach agus cítiginiteach. Leis sin, déanaimid taighde ar macasamhlú, deisiú, éabhlóid agus struchtúr na gcrómasóm, ábhair atá bunúsach leis an ngéineolaíocht agus an n-eipigéineolaíocht agus tá tionchar acu ar ailse agus galar éigin eile (féach ar Cromasóim).

Tá saineolas againn ar theichneolaíochtaí agus samhlacha chun staidéar a dhéanamh ar bhitheolaíocht chromasóim ar leibhéil móilíneach, ceallach, géanómaíoch, agus an orgánaigh. Tá timpeallacht againn ina bhfuil taighdeoirí idirnáisiúnta in ann idirphlé agus comhoibriú ar thaighde dinimiciúil ar mhaithe le tuiscint níos fearr a fháil ar an tionchar bitheolaíoch atá ag struchtúr agus dinimic na gcrómasóm agus na feidhmeanna leighis a bhaineann astu (féach ar Áiseanna).

Tar in Éineacht Linn?

Tá an t-ionad ag lorg Ceannairí Taighde nua ag léibhéal sinseareach nó sóisearach chun oibriú linn ar cheisteanna crómasómacha. Ní mór d'iarrthóirí féach ar na treoracha iarratais agus iarratas a dhéanamh anseo.

Tá folúntais maoinithe ar fáil faoi láthair leis na grúpaí Gahan agus Frank .

Chun eolas a fháil ar na deiseanna eile atá ann chun taighde a dhéanamh linn, féach ar Tar Linn.

Ábhair Taighde